Latest Sympathy Notices

Céad slán leat a mhic! Cosúil liom féin thaithin ceol agus amhráin Elvis leat. Ábhar cainte a bhí eadrainn fadó agus tú an taobh seo tíre. Gach sólás ar do chlann croíbhriste. Tá oidhreacht éachtach fágtha id dhiaidh. Mairfidh do spiorad gan teora. Wednesday 25 December 2024 Uinseann Mac Thómais, Gaillimh.

Comhbhrón ó chroí le Bríd agus Clann Uí Chairealláin ar bhás Ghearóid. Suaimhneas síoraí lena anam uasal. Tuesday 24 December 2024 Foireann agus Bord Stiúrtha Ógras.

Comhbhrón o chroí le Bríd agus le Clann Uí Chairealláin ar bhás Ghearóid Uasal. Ba mhór é a shaothar a bhain sé amach thar na blainta, fear go raibh fis aige i gcónaí.

Áine De Baróid
Tuesday 24 December 2024 Áine De Baróidiar Uachtaráin ar Chonradh na Gaeilge

Comhbhrón le Bríd agus le Clann Uí Chairealláin agus Clann Uí Ghallchóir ar bhás Ghearóid. Ba mhór é a shaothar i gcaitheamh a shaoil agus ba mhór é a chabhair dúinne i Raidió na Gaeltachta le linn ár dturais ó thuaidh agus ba mhór é a shaineolas ar an aer. Fear maith ar lár
Tomás Mac Con Iomaire, An Cheathrú Rua, Conamara (iar- RnaG) Sunday 22 December 2024 Tomás Mac Con Iomaire

Back